Admin Login

Cúrsa nua máistreachta san aistriúchán gaeilge ar fáil in Ollscoil Uladh

By tyronepro Wed 13th Jul

Is cúis mhór áthais í do Scoil Theanga agus Litríocht na Gaeilge, Ollscoil Uladh, cúrsa nua Máistreachta san Aistriúchán Gaeilge agus i Scileanna Proifisiúnta Teanga a fhógairt*. I ngeall ar an éileamh ollmhór a bheidh ann le haghaidh aistritheoirí Gaeilge san AE agus in Éirinn as seo amach is amhlaidh go mbeidh éileamh ann le haghaidh cúrsaí oiriúnacha oiliúna, agus tá Ollscoil Uladh, atá ar na príomsholáthróirí cúrsaí Gaeilge in Éirinn, in áit mhaith le cúrsa mar seo a chur ar fáil. Beidh tús á chur leis an chúrsa i Meán Fómhair 2016 agus beidh ar fáil ar bhonn lánaimseartha agus páirtaimseartha. Déanfar an teagasc ar bhealach solúbtha thar cheithre dheireadh seachtaine gach seimeastar, agus beidh béim shuntasach ar ábhar ar líne. Le tuilleadh eolais a fháil agus le cur isteach ar an chúrsa, déan teagmháil le nm.comer@ulster.ac.uk

*Tá an cúrsa seo ag brath ar fhaomhadh acadúil
By tyronepro Wed 13th Jul

Related News

View All

Main Sponsors

Our Partners